baile
nuacht



idirbhliaincomhairlepolicy
Nascanna / Links

Nuacht

Nuachtlitir Ghaelcholáiste Reachrann, Samhradh 2008

Cúpla focal ón bPríomhoide Fionnuala Ní Chaisil

Bhí sár bhlian ag daltaí agus foireann Ghaelcholáiste Reachrann, níl cur síos ar an méid a tharla idir Dhíospóireachtaí, Scléip, An Fhéile Cheoil, Spóirt, imeachtaí uile na hIdirbhliana agus dár ndóigh an Ceolchoirm ‘Rock Linn Arís’ i Sráid Vicar. Cuirimid fáilte roimh ár ndaltaí nua a chuirfidh leis an líon imeachtaí an bhliain seo chughainn..

Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar dhaltaí na hArdteiste agus an Teastas Shóisearaigh atá tar éis an- iarracht a dhéanamh i rith na bliana agus beidh muid ag súil le torthaí iontacha san fhómhair. Ba mhaith liom tréaslú chomh maith le daltaí na hIdirbhliana, chuir siad croí agus anam sna himeachtaí uile agus níl aon amhras orm ach go mbeidh bliain dochreidte ag daltaií Idirbhliana 2008/9 faoi stiúr Máire Usher an Chomhordnóir nua.

Guím samhradh bhreá oraibh uilig agus feicimid sibh ón 25ú Lúnasa ar aghaidh.
Seo srac-fhéachaint ar na buaic phoíntí i rith na bliana chomh maith le cúpla fógra…..

A few words from the principal Fionnuala Ní Chaisil

Both staff and students in Gaelcholáiste Reachrann have had another amazing year. It was difficult to keep up with all the activities, some of which included Debating,  Scléip, The Festival of Music, a lot of Sport, the Transition Years who were unstoppable and of course the main event! ‘Rock Linn Arís’ in Vicar Street.. Thank you all for your efforts.

I would like to wish Leaving Certificate and Junior Certificate students the very best in their exams. They have worked hard all year and we look forward to great results. I have no doubt that the TY of 2008/9 will be every bit as active under Máire Usher an Chomhordnóir nua.

Guím samhradh bhreá oraibh uilig agus feicimid sibh ón 25ú Lúnasa ar aghaidh.
Seo srac-fhéachaint ar na buaic phoíntí i rith na bliana chomh maith le cúpla fógra…..

_____________________________________________________________________  

Comhghairdeas!

Comhghairdeas leo siúd ar fad a ghlac páirt san ‘Éolaí Óg’ i mbliana. Tá daltaí ag ullmhú cheana féin do chomórtas na bliana seo chugainn….go n-éirí libh!

Congratulations!

Congratulations to all who participated in the ‘Young Scientist Competition’, we look forward to next year’s entries.

_____________________________________________________________________  

Cispheil na gcailíní

Thraenáil na foirne go dian, dícheallach i mbliana le hOide Jacinta agus Oide Eibhlín. D’éirigh go han-mhaith leo agus táimíd ag súil go leanfaidh siad leis an dul chun cinn céanna an bhliain seo chugainn. D’eirigh leis an fhoireann cailíní foai 16 a chraobh a bhaint amach  ach faraoir níor eirigh leo an bua a fháil. Beidh lá eile ag an bpaorach!

Girls Basketball

The girls’ basket ball teams worked very hard this year with Jacinta and Eibhlín, keep up the good work and thanks to the 4th year students who helped with the teams. The girls under 16 team managed to get to their final! However they were just pipped at the post.They will be back next year without doubt!

_____________________________________________________________________  

Comhairle na nDaltaí;

D’éirigh go han-mhaith leis an gComhairle i mbliana lena ról san choláiste ag dul ó neart go neart.  Líonadh ballraíocht an chomhairle le daltaí ó bhliain a haon go dtí bliain a sé le ról an-ghníomhach ag chuile ball.  Eagraíodh cúrsa don chomhairle go luath sa bhliain ionas go bhféadfaí structúr an chomhairle a bhúnú.  Ghlac an comhairle go han-mhaith lena ról mar ghuth na ndaltaí agus léiríodh an sár-obair a bhí ar siúl acu.  Bhí ról lárnach ag an gcomhairle i seachtain na Gaeilge agus d’eagraigh an Comhairle seó talainn den chéad scoth.  Táimid ag tnúth le leanúnachas ó thaobh an bhallraíocht san chomhairle agus fáilte a chur le baill nua an bhliain seo chugainn.

Student Council

The student council’s role in college life was outstanding this year with their contribution improving immeasurably.  The student council’s membership is made up of students from first to sixth year students.  An in-service day was organised early in the year to lay foundations for a productive year.  The student council spoke on behalf of the students and played a central role in seachtain na gaeilge and running their first talent show.  The student council looks forward to a continuing to work with the students who were working on the council this year and welcoming new members next year.  

_____________________________________________________________________  


Oíche an tSolais

Buíochas arís le Máire Ní Chléirigh a d’ullmhaigh an cór le haghaidh Oíche an tSolais um Nollaig i mbliana. Tá an cór scoile ag dul ó neart go neart agus táimid ag súil go mór leis an ócáid speisialta chéanna an bhliain seo chugainn! Ardmholadh ag dul don chór scoile!!

Carol Service

 This year’s Christmas carol service was better than ever, thanks to Máire Ní Chléirigh. The school choir is going from strength to strength and we are all looking forward to another special occasion next year.

_____________________________________________________________________  

 
An Grúpa Ceol Traidisiúnta

 Comhghairdeas arís i mbliana don ghrúpa ceol traidisiúnta a ghlac páirt i bhFleá Ceol an Choiste Gairmoideachais sa Cheoláras Náisiúnta. Míle buíochas do Fidelma Uí Bhrian agus Oide Séamas a thugann go fiail lena cuid ama! Bhíodar thar barr ag an ceolchoirm ‘Rock Linn Arís’ i sráid Vicar.  

Traditional Irish Music Group

The Co. Dublin V.E.C Festival of Music was once again the venue for our traditional musicians to show their talents….thanks to Fidelma Ní Bhrian and Oide Séamas, who give thier time so generously! Our wonderful musicians were fantastic at the ‘Rock Linn Arís’ concert in Vicar Street.

_____________________________________________________________________  

Seo Tuairimí Oide Séamas maidir leis an bhFleá Ceol;

An ocáid a bhain mise is mo taithneamh as i mbliana ná an ceolchoirm do Choiste Gairmoideachais Chontae Átha Cliath sa Cheoláras Náisiúnta. Chuir an grúpa traidisiúnta deich noiméad ar fáil le ard chaighdeán ceol agus ba léir ar an oíche gur bhain na daltaí an-taitneamh as an ócáid.Chuireadar alán ama isteach ag cleachtadh roimh ré agus is deas an rud é torthaí do chuid oibre a fheiceáil.

The event I most enjoyed this year was the students’ performance in the VEC Schools event in the National Concert hall. Our students really enjoyed themselves up there, there were no signs of nerves and they did themselves justice. They put much a lot of hard work into the event and it's always nice to see the fruits of ones labour.

_____________________________________________________________________

An Idirbhliain 07-08:
Níl aon amhras ach go raibh bliain ghníomhach, gnóthach agus thar a bheith fuinniúil ag lucht na hIdirbhliana i mbliana!! Idir an mhór-thionscnamh ar théama na Laochra le hoide Niall, an méid gur ghnóthaigh siad sna mionchomhlachtaí, na Discós agus na buanna aisteoireachta gur léirigh said sa dráma, is léir gur dream an-speisialta ar fad an grúpa áirithe seo! Tá súil againn go dtógfaidh siad na scileanna nua agus an féin-mhuinín ar aghaidh leo agus iad ag tosú amach an bhliain seo chugainn ar an gcúrsa Ardteistiméireachta!!
Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar an liosta thíos le tuairim a fháil den chineal bliain a bhí acu.

 This year’s transition year class had a very eventful year indeed and can only be described as a very special group! They worked extremely hard on the cross-curricular of Heroes with oide Niall, showed their business skills through the minicompanies, the school discoes and excelled in their acting abilities in the school play. This list below is only a taste of what went on….

  • Ionduchtú na hIdirbhliana i gColáiste Uisce le hOide Niall, Oide Ciarán agus Oide Máire Usher (Oide Ranga)/ Induction weekend in Coláiste Uisce
  • Comórtas Clár Radió
  • Turas Gaeltachta go Acla le Oide Niall, Oide Ciarán, agus Oide Máire Usher
  • Dráma na hIdirbhliana: Na hAidí
  • Ceardlann Filíochta, leis an bhfile Catherine Ann Cullen

_____________________________________________________________________  

Seo cuimhní Oide Brian Ó Crónín ar an Idirbhliain;
Comórtas Chlár Raidió Gael Linn


Bhain daltaí na hIdirbhliana éacht amach nuair a bhuadar an chéad duais i Rannóg na nGaelscoil, mar chuid de Chomórtas Chlár Raidió Gael Linn. Is é 'Spórt Scoile' teideal an chlár a deanadh - clár a chlúdaigh réimse leathan ábhair, mar shampla, foirne scoile cispheile Gaelcholáiste Reachrann a d'éirigh go han mhaith leo i rith na scoilbliana agus scéalta daltaí a bhfuil ard-chaighdeán bainte amach acu lasmuigh den scoil, mar bhaill de chumainn spóirt difriúla.

Bhí agallaimh sa chlár le daltaí agus iar-dhaltaí na scoile, mar shampla, le Alan Ó Cléirigh atá mar bhall anois d'fhoireann sacair na hÉireann (faoi 20) le tamall anuas. Déanadh nascanna idir na hagallaimh le píosaí ceoil oiriúnacha agus chuir na daltaí a d'oibrigh ar an gclár, tráchtaireacht cuí le chéile chun snas deas a chur ar an gclár.

Is iad na daltaí san Idirbhliain a d'oibrigh ar an gclár, ná Darragh Mac Meanman (a léirigh ard-chumais agus scileanna eagrúcháin mar eagarthóir) le linn an tógra), Colm Ó Riain (a thug an-chabhair mar leas-eagarthóir) Micheál Ó Laoghaire, Stiofáin Ó Fionnghusa, Josh Ó Scanaill agus Eoghan Ó Riain.

Bronnadh duais 250 Euro ar an scoil agus ghlacadh grianghrafanna de na daltaí a ghlac páirt sa tógra, i Raidió na Life i gCearnóg Mhuirfean, 22ú Bealtaine, agus tugadh ard-moladh don chlár a deanadh.


Transition year students won the Gael Linn radio competion, they titled their programme “School Sports”. They interviewed current and past pupils (such as Alan ó Cléirigh, who plays international soccer for the Republic of Ireland at under 20 level). On the 22nd of May their cheque for €250 was presented to our budding documentary makers.

_____________________________________________________________________  

Buaiteoirí an Chomórtais le Oide Brian Ó Crónín

Winners

Seo cuimhní Oide Ciarán ar an Turas go hAcaill;
I mbliana chuaigh an idirbhlian go hOileán Acla le haghaidh an turas Gaeltachta ar feadh 3 lá. Bhí turas den scoth acú. Dfhan siad in Óstán Oileán Acla, Ostán 3 réalt a thug an-aire dóibh.D’eirigh le gach dalta €50 an duine a ghnóthú tríd na mioncomhlachtaí le gearradh ón gcostas. Idir siúlóid sléibhe, surfáil, sú na gréine agus cluiche sacair leis an bhfoireann áitiúil, ba léir go raibh an-spraoi go deo acu. Chomh maith leis an himeachtaí se oar fad bhí turas báid álainn acu go hOileán Clára le caisleán Ghráinne Uí Mháille a fheiceáil agus suilóid timpeall an oileán. An tráthnóna sin chuaigh siad le haghaidh BBQ ar bóthar an Tiomáint Atlantach.


This year the fourth years went to Achill Island for their trip to the Gaeltacht for 3 days. They stayed in Ostán Oileán Acla where they were well looked after. Each student managed to earn €50 each from the mini-companies they organised during the year to put towards the cost of the trip. On the first evening they went on a hill walk across Cloughmore Hill to look over Clew Bay and Croagh Patrick. On Monday they went surfing on Keel beach and following that went to Keem bay “to catch a few rays”. That evening they played a football match against Achill Rovers. On the Tuesday morning the boys and girls played against McHale College. That afternoon they caught a ferry to Claire Island to visit Grace O’Malley’s castle and to walk around the island. That evening they had a BBQ on the Atlantic Drive.

_____________________________________________________________________  

An Turas go hAcaill, 2008

 

Acaill

 

Seo cuimhní Oide Siobhán;

Bhí deis ag daltaí na hidirbliana páirt a ghlacadh i gceardlann filíochta leis an bhfile Catherine - Ann Cullen. Tháinig Catherine chuig an scoil roimh an Cháisc agus bhí sí ag obair le  daltaí ón idirbhliain  gach Luan thar tréimhse 8 seachtainí.  Thug an ceardlann filíochta deis do na daltaí a gcuid scileanna scríobhneoireachta agus cruthaíochta a fhorbairt.  D'fhoghlaim siad conas scríobh i stíleanna éagsula. Thar an tréimhse bhí siad ag obair le chéile ar tionscnamh beag bunaithe ar ceantar Domhnach Míde. Chum na daltaí a gcuid dánta féin bunaithe ar stair an cheantair.  Nuair a bhí sé críochnaithe acu cuireadh a gcuid oibre ar fad le chéile i leabhrán beag. 

Thug roinnt daltaí ón idirbhliain cuairt ar taispeantas i leabharlann náisiúnta na hEireann le déanaí. Bhí an taispeantas bunaithe ar beatháisnéis agus saothar William B. Yeats.

I mbliana d'eirigh le Leanna Ní Bhroin agus Aoife Ní Bhriain ó bhliain 5 dul chomh fada leis an dara babhta i gcomórtas díospóireachta a bhí á reachtail ag 'Denny Leinster Debating'.  Ghlacadar páirt sa gcomórtas ag an leibhéal sinsireach agus bhí na comortaisí  ar siúil i gColáiste na Tríonóide.


The poet Catherine Ann Cullen ran an 8 week poetry work shop with the transition year. The students composed poems in differing styles about the history of the locality in Donaghmede. Their many excellent efforts were bound into a booklet entitled enigmatically “Dublin 9+4”.
Leanna ní Bhroin and Aoife ní Bhriain from 5th year got into the 2nd round of the senior  “Denny Leinster Debating” competition which saw them perform in the auspicious surroundings of Trinity College

Seo cuimhní Oide Máirtín;

_____________________________________________________________________  

DÉAN –TÚ-FÉIN-É!
Bhi bliain iontach ag an ngrúpa seo agus iad ag obair ar lean ar an tionscnamh a thosaíodh anuraidh ag an Idirbhliain. ‘Sé an téama a roghnaíodh ná “Forbairt ar ár dTimpeallacht Féin”. Tá muid ag obair ar gháirdín agus ag iarraidh suaimhneas ón nádur a fhorbairt timpeall na háite. Níl aon dabht ach gur chuir dath agus blas na bláthanna áilleacht timpeall na scoile i mbliana.


Na bláthanna a chuir an idirbhliain sa Choláiste le Oide Máirtín, 2008

Flowers

Ag teacht i dtreo deireadh na bliana rinne na daltaí seo obair den scoth ag tógáil cosán le filleadh ar ais ó sheomraí 7, 8 & 9. Úsáid an deis, siúl ar dheis!

  ‘Bail ó Dhia ar an obair!’
ATHCHÚRSÁIL
Tháinig feabhas ollmhór ar chúrsaí glanadh agus athchúrsáil timpeall na scoile i mbliana. Dár ndóigh, tá sé mar dhualgas orainn uilig athchúrsáil a dhéanamh chun  an domhan seo a chaomhnú do na glúinte atá romhainn. Mar gheall ar an roinnt-suas a deantar leis na buicéidí éagsúla Plaisteach, Páipéir, Níthe Órgánacha srl tá laghdú c.60% ar an méid “Bruscar” atá á chur amach again ón am seo anuraidh.!
I mbliana do shábháil muid c. 1.5 Tonne Páipéir & Cártachlár
                                              c. 12 Mála Mhór de Buidéal Plaisteach
                                              c. 270 litre (1/4ú Tonne) de Nithe Órgánacha ag athrú go muirín, rud a dhéanfaidh maitheas don gháirdín amach anseo.Glacaigí bhur bpáirt san obair seo ar mhaithe lenár dtodhchaí.


Do-it-yourself!
This years TY group have been very busy continuing the work begun by the previous group on the theme of “Improving our own surroundings”. The plan is to develop a garden and to bring a part of nature’s tranquillity into our working lives. I think that everyone would agree that the colour and scent of the flowers planted this year helped to brighten-up our journey from class to class.
Towards the end of the year this group pulled-out all the stops and achieved the completion of a footpath returning from the pre-fabs (rooms 7,8 & 9). Stay Right and we won’t go wrong!


RECYCLING IN SCHOOL
Great strides were taken this year with the idea of “Reduce, Reuse, Recycle” and it is now obvious that we can all play our part in protecting the environment for all our futures. As a result of the correct division of our waste into the various bins provided we have managed to reduce our “rubbish” by up to 60% over last year. We estimate that we managed to save: c.1.5 Tonnes of Paper & Card for Recycling
                                          c. 12 large sacks of Plastic Bottles
                                          c. 270 litres (1/4 Tonne) of Organic material which is Reduced to Compost (naturally!) and goes directly to nourish the Garden and Plants. Remember to play your part in this good work, for our future.

_____________________________________________________________________  

Seo cuimhní Oide Niall;

Reachrann sa chéad áit….faoi dhó!
Do bhain daltaí Ghaelcholáiste Reachrann gaiscithe drámaíochta agus damhsa amach le déanaí nuair a bhaineadar amach an chéad áit sa chomórtas drámaíochta a d’eagraigh ‘Feachtas’ agus an roinn damhsa cruthaíoch i gcomórtas ‘Scléip’. Rinne Alex, Shauna, Sorcha agus Rebecca éacht den scoth leis an bpíosa damhsa a chuireadar le chéile iad féin gan aon chabhair ó aon duine.

Ar an 22ú feabhra chuir na daltaí céad bliana; Adam, Bert, Victor, Clíona, Fíona agus Donna an drama  “na Laochra” ar an stáitse i Film Base i dTeampall an Bharra mar chuid den sa chomórtais talainne eagraithe ag  ‘Feachtas’. Bhí sé draoíchtmhar! Comhghairdeachas leis na daltaí agus Oide Niall a d’oibrigh go díograiseach leis an éacht seo a bhaint amach.

Léiríonn an dá ócáid seo an tabhacht a bhaineann le deiseanna foghlamtha mar seo i bhforbairt agus dul chun cinn na ndaltaí, ceann amháin stiúrtha ag múinteor, ceann eile féin-dírithe go cruthaitheach ag daltaí, rud ata fíor thabhachtach dúinn i nGaelcholáiste Reachrann agus a thagann leis an bhfís scoile. Ní hé gur bhuaigh an dá ghrúpa a gcomártais, cé go bhfuil sé sin sontasach, ach go raibh sé de mhisneach agus de chrógacht acu triail a bhaint as rudaí nua, dul sa tseans, agus dúthshlán a ghlacadh.  N’fheadar cad a dhéanfaidh ár ndaltaí amach anseo?  Bígí ag faire


Dramatic achievements were not solely confined to the Transition Year this year. Gaelcholáiste Reachrann students won first place in two competitions, Scléip and Feachtas respectively. The first years took to the stage in Film Base in Temple Bar to perform their mime piece “Na Laochra It was a truly magical performance! The second year girls performed their modern creative dance piece in Scléip combining traditional rythms with modern urban styles in a blistering fusion of past and present. The hall erupted in deserved applause when the girls came to an emphatically composed halt. While the winning of awards has its undoubted merits, rather it is the self belief, creativity and confidence to follow through with an idea and accept a challenge that is the hallmark of both groups. These students are so young; one wonders what they will conjure up next?

_____________________________________________________________________  

Dráma na hIdirbhliana 08
Caithimid foain am seo an dráma a lua. In Aibreán thóg an Idirbhlian an stáitse leis an dráma “Na hAidí” foai eachtraí a tharlaíonn do chlann, daltaí scoile agus lucht freastail ag dioscó sna seascaidí, seachtóidí, ochtóidí agus nochaidí. ‘Sé Oide Ciarán a chuir an coinceap chun cinn i measc na ndaltaí agus d’oibrigh sé fíen agus Oide Niall leo ó thosach na bliana. Ní raibh aon script leagtha síos. Diaidh ar ndiaidh ghlac na daltaí úinéireacht ar an ndráma, agus cé go raibh siad an-neirbhíseach go deo, nuair a thosaigh an lucht féachana ag gáire, cuireadh an tionscanamh i gcrích. Chonacthas buanna na ndaltaí ar an stáitse an oíche úd! Mar a dúirt dalta amháin liom a bhí pairteach ann; “ní dhéanfaidh mé dearmad air go deo”.


In april of this year the Transition year took to the stage to perform their play “Na hAidí” about the happenings in a typical family, class room, and a disco in the various decades. Oide Ciarán created the concept, their was no script.Through improvisation the scenes were fleshed out by the students with a little help from Oide Niall. Over time the students themselves took ownership of the play and although they were very nervous, as soon as the audience began erupting with laughter, the play came to its fullest fruition. It was a spectacular achievement! As one student said to me, “I will never ever forget it”. And so say all of us!

_____________________________________________________________________  

Rock Linn Arís, Sráid Vicar, 13ú Bealtaine
 Ar an 13ú Bealtaine tháinig togha an cheoil agus scoth na bhfonnadóirí ar an ardán. Ina measc bhí Brian Kennedy, Des Bishop, Noel Hill agus Alec Finn, Mick o’ Brien, Niamh de Búrca agus Mark Kelly, Breandán Begley, Muintir uí Ghlacáin, Maighréad agus Tríona uí Dhomhnaill, agus The West Ocean string Quartet chun airgead a ghnóthú don choláiste. Bhí Stephen Rea, Seán mc Ginley agus Pauline Mc Lynn mar fhir agus bean an tí. Ag leath ama bhí an slua ag caint faoinár gceoltóirí traidisiúnta féin a sheinn ar an oíche. Chuir siad ionadh ar an slua lena gcuid ceoltóireacht a bhí ar chomhchéim leis na daoine proifisiúnta. Oíche den scoth a bhí againn! Ár mbuíochas do Oide Leah, Oide Sinéad agus Iníon Ní Chaisil a d’oibrigh chómh crua sin chun an ócáid seo a chur i gcrích.


The cream of irish musical talent took to the stage again to support us at the much vaunted “Rock Linn Arís”. Amongst the above mentioned big names, our own school traditional musicians more than held their own and were the talk of the crowd at the interval. Their musicianship, confidence and gifted talents were a privilege to witness! Many thanks are due to Oide Leah and Oide Sinéad and Iníon Ní Chaisil who worked so hard to make this wonderful night possible.


_____________________________________________________________________________

Rang Ardteiste 2008:
Faoi dheireadh táimid tagtha ag an bpointe cinniúnach sin go bhfuil an dara rang Ardteiste againn sa choláiste. Guímíd gach rath ar ár ndaltaí Ardteiste an bhliain seo chugainn agus iad ag ullmhú don saol mór atá rompu!

This year sees our second Leaving Certificate class! We wish them all the best in their last year in school before they embark upon their journey in life!

Níl fagtha ach le rá go raibh blian dochreidte again sa choláiste, baineadh an méid sin amach arís i mbliana agus tá sos fada tuillte againn ar fad idir dhaltaí agus foireann. Táim cinnte go bhfuil duine nó beirt ag rá leo fhéin; “bhuel bhí an bhlian sin ar fheabhas ach conas a leanfar é?”……. Fan go bhfeicfidh sibh!


There only remains to say we all between students and teachers had an unbelievable year, so much was achieved in that small uniquely special school where your children attend. A well earned summer break is upon us. I’m sure one or two people are saying to themselves; “Okay, that was an excellent year, they can’t possibly top that?”……Wait and see!

_____________________________________________________________________  

 Dátaí agus Fógraí Tabhachtacha

Leagan amach na céad seachtaine/First week of term:

Text Box: •	Luan 25ú Lúnasa: Bliain 1: 9.00-12.00 (bus ag tosú/ bus available-cur glaoch ar John an tiománaí/ to contact John, the driver ring 087-6136280)  •	Máirt 26ú Lúnasa: Bliain 1, 2, 3: 9.00-12.00 (bus ag tosú/ bus available-cur glaoch ar John an tiománaí/ to contact John, the driver ring 087-6136280)  •	Céadaoin 27ú Lúnasa: Bliain 1,2,3,4,5,6: 8.30-3.15: ranganna de réir an tráthchlár.  •	Déardaoin 28ú &Aoine 29ú Lúnasa: Gnáth laethanta scoile/full school days

 

 

 

 

 

Dataí Taithí Oibre Idirbhliana:

  1. Nollaig 15ú-19ú,
  2. Feabhra 9ú-13ú,
  3. Aibreán 27ú-1ú Bealtaine

Cis Reatha/Current Expenses
Le cur i gclúdach litreach le hainm an dalta agus an rang scríofa air le bhur dtoil/please put expenses in an envelope with student’s name and class. (€45)

N.B: Beidh oifig na scoile ar oscailt arís ón 5ú Lúnasa/ the school office will reopen on 5th August

 

Bíodh Samhradh aoibhinn agus sábháilte agaibh go léir!

 

Fionnuala Ní Chaisil                                           Sinéad Nic Stiofáin

 

Rock Linn Arís

rocklinn concert

Vicar Street will play host to a showcase of Irish music and comedy on Tuesday 13th May.

‘Rock Linn Arís’ boasts a veritable live-up with prominent artists such as:

- Brian Kennedy
- Des Bishop
- Noel Hill & Alec Finn
- Mick O’Brien
- Niamh De Búrca & Mark Kelly
- Breandán Begley
- The Glackin Brothers
- Maighréad & Tríona Uí Dhomhnaill
- The West Ocean String Quartet

Hosts for the evening include Pauline Mc Lynn, Seán Mc Ginley, John Kelly &  Stephen Rea.

This amazing line up which promises an evening full of music, laughter & sheer entertainment aims to raise funds for Gaelcholáiste Reachrann, a second level all-Irish school in Donaghmeade, North County Dublin. Gaelcholáiste Reachrann operates under the Co.Dublin V.E.C. and had its first intake of pupils in 2001.


 ‘Rock Linn 2006’ was the last fundraiser held for the school in Vicar Street; just ask anybody who attended….it was an unforgettable event. Don’t miss this one if you didn’t catch the last one!  

Doors will be open at 7.00 p.m. and tickets €30 are available at Ticketmaster.

Cloisfear togha an cheoil agus scoth na bhfonnadóirí ar an ardán i Sráid Vicar an 13ú Bealtaine. Ag ‘Rock Linn Arís’ cloisfidh sibh leithéidí ‘Brian Kennedy, Des Bishop, Noel Hill & Alec Finn, Mick O’Brien, Niamh De Búrca & Mark Kelly, Breandán Begley,Muintir Uí Ghlacáin, Maighréad & Tríona Uí Dhomhnaill, The West Ocean String Quartet. Ag tabhairt aire díbh mar fhir agus bean an tí agus ag cur fonn gáire oraibh beidh Pauline Mc Lynn, Seán Mc Ginley, John Kelly &  Stephen Rea.

Is ar mhaithe le hairgead a bhailiú do Ghaelcholáiste Reachrann, Gaelcholáiste i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath atá an ceolchoirm á reachtáil. Bunaíodh Gaelcholáiste Reachrann sa bhliain 2001.Tá Gaelcholáiste Reachrann á rith faoi chúram Choiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath.  Is cuimhin le cách an oíche dochreidte a bhí againn ag ‘Rock Linn’ i Vicar Street dhá bhliain ó shin….ná cailligí arís é a chairde…..tá oíche den scoth geallta!

Beidh na dóirsí ar oscailt ar a 7.00i.n agus tá na ticéidí ar fail ó Ticketmaster.

 

Nuachtlitir Ghaelcholáiste Reachrann, Eanair 2008

Tá súil againn go raibhNollaig shuaimhneach agus taitneamhach agaibh ar fad.

Oíche an tSolais:

Ar dtús ba mhaith linn buíochas a ghabháil libh don tacaíocht a thug Pobal na Scoile maidir le Oíche an tSolais roimh Nollaig. Ár mbuíochas le Oide Máire Ní Chléirigh don Oíche álainn cóir a chuir sí ar fáil

Our thanks to all who supported the carol service before Christmas and to Máire Ní Chléirigh who provided us with such a wonderful evening.


Dioscó Scoile:

D’éirigh thar barr le Dioscó Bliain 1/2/3 ar an 6ú Nollaig agus mo bhuíochas le tuistí/daltaí, bliain 4, Oide Ciarán agus Oide Niall a chuir ar siúl é.

Thanks to Oide Ciarán & Oide Niall and 4th years for organising the disco for 1st, 2nd & 3rd years- the evening was a great success!


An Idirbhliain:

Tréaslaímid leis an Idirbhliain agus Oide Sinéad- €1000 gnóthaithe acu do ‘People In Need’

Well done again to the fourth years for raising €1000 for ‘People in Need’.

Tá ag éirí go breá le mionchomhlachtaí eile na hIdirbhliana; an dioscó, díolachán cacaí, ceapairí agus eile.

Fourth year mini-companies had a busy and successful term- cake sales, disco etc- well done again!


Éólaí Óg 2008:

Iniata leis seo tá leathannach eolais maidir leis  an Éolai Óig. Tréaslaímíd leo! Ár mbuíochas arís le Oide Jacinta agus Oide Eibhlín as ucht an méid oibre atá déanta acu ar son an chomórtais seo thar na blianta.

Please find enclosed an information leaflet on this year’s ‘Young Scientists Exhibition’. Our thanks to Oide Jacinta & Oide Eibhlín for all their hard work and dedication in this event.

Comhghairdeas don ghrúpa gur éirigh leo Ardmholadh a fháil! Táimid thar a bheith bródúil!

Congratulations to the group who made us very proud for receiving ‘highly commended’!


Cóiríocht Scoile/ School Building:

Tá an-dul chun cinn déanta maidir le Cúrsaí Cóiríochta. Bhí an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ag obair ar dhearadh na scoile nua agus an Halla Spóirt. Tá súil againn go mbeidh dearadh aontaithe againn sár rófhada agus ansin is féidir linn bogadh go cúrsaí tógála.

Turas Teangan go dtí an Fhrainc/ French Language Trip:

Bhain daltaí ó bhliain 4, 5 & 6 tairbhe agus taitneamh as an turas chun na Fraince  rith an briseadh meán-téarma, buíochas le Oide Máire Usher!

4th, 5th & 6th year students both enjoyed and benefited from the language trip to France during the mid-term break.

Tráth na gCeist/ Table Quiz:

Beidh Tráth na gCeist Boird, á eagrú ag Coiste na dTuismitheoirí (litir iniata) ar siúl ar an Déardaoin, 7ú Feabhra ag 8.00i.n  thuas staighre i Campions. Bheimís buíoch bhur dtacaíocht a fháil ar an ócáid seo!

Coiste na dTuistí are organising a table quiz upstairs in Campions pub on Thursday, 7th Febuary at 8.00p.m. Your support would be greatly appreciated!

Scléip 2008:

Tá na hullmhúcháin faoi lán seoil arís i mbliana do ‘Scléip’- an comórtas talann do Ghaelcholáistí & Gaelscoileanna. Táimid ag súil go mór i mbliana leis an rannpháirteachas iontach a bhí againn an bhliain seo caite- agus b’fhéidir an bua céanna chomh maith!

Preparations have started for this years ‘Scléip’- talent competition for Gaelcholáistí & Gaelscoileanna. We look forward to some repeat performances and of course some new entries!


Cispheil:

Thraenáil na foirne go dian, dícheallach i mbliana arís agus d’éirigh leis na buachaillí faoi 16  dul tríd go dtí an cluiche ceannais i dTamhlacht roimh Nollaig. Bhí bua den scoth ag na cailíní ar an Mháirt nuair a bhuaigh siad i gcoinne St.Dominics, Cabra: Bliain a haon- 28-1 agus bliain a dó 42-12, maith sibh a chailíní agus go néirí libh don chuid eile den tséasúr! Buíochas mór le Oide Eibhlín agus na múinteoirí eile a chabhraigh leis an gcispheil i mbliana.

This year’s teams have been true to form again and thanks to their efforts and Oide Eibhlín’s hard work the boys managed to get through to the finals in the arena in Tallaght before Christmas. The girls celebrated a great victory over St.Dominic’s in Cabra on Tuesday with wins of 28-1 & 42-12! Well done to the basketball teams!

Comhghairdeachas le Alex Nic Aoidh, bliain 2, a roghnaíodh le himirt ar fhoireann Bhaile Átha Cliath faoi 15 agus atá ar phainéal na hÉireann!

Congratulations to Alex Nic Aoidh, 2nd year who was selected to play on the Dublin u15 team and also selected for the panel of the Irish team!

Seó Talann na Scoile/ School Talent Show:
Bhí seó talann den scoth againn an bhliain seo caite sa choláiste agus táimid ag súil go mbeidh sé amhlaidh arís i mbliana. Beidh an seó ar siúl um Cháisc agus iarraimid ar gach rang bheith rannpháirteach i mbliana!


We look forward this year to enjoying at least one act from each class in our Talent Show at Easter!
Comhghairdeas d’fhoireann Tráth na gCeist a ghlac páirt i ndá bhabhta de Thráth na gCeist Thomas Crosbie Holdings roimh agus díreach i ndiaidh na Nollag. Cé go ndearna siad sár-iarracht sa dara bhabhta buadh orthu. Darragh Ó Tuathail (captaen), Daragh Mac Meanman, Stiofáin Ó Luain agus Jamie Oilibhéir na baill foirne a bhí ann ar son na scoile.

Well done to the students who participated this year in the Thomas Crosbie Holdings table Quiz. They did extremely well and got through to the second round.

Comhghairdeas le Pádraig Ó Conchubhair, bliain 2 a roghnaigh Cumann Luthchleas Scoileanna na hÉireann le déanaí  le páirt a ghlacadh i gcomórtas na scoileanna cheilteacha idirnáisiúnta sa Bhreatain Bhig.

Well done to Pádraig Ó Conchubhair on being selected by Irish Schools’ Athletic Association to participate in the Celtic Schools’ Indoor International in Wales!

Guímid athbhliain faoi mhaise oraibh go léir!

Fionnuala Ní Chaisil                                                   Sinéad Nic Stiofáin

 

Scifest



nuacht     www.scifest.ie
An chéad sprioc eile ná go mbeidh na daltaí ag glacadh páirt i ‘Scifest’ i Mí Bealtaine...Beidh na tionscnaimh le taispeáint ar Oíche Eolais na hIdirbhliana agus ar Oíche Gradaim na hIdirbhliana.

The next step is to involve the students in the Scifest competition in May...The projects will be on display for the Information for Transition Year the Transition Year Graduation Night.


Míle Buíochas do na múinteoirí, Tadhg Meachair agus na tuistí a thug tacaíocht do na daltaí...

Many thanks to the teachers, Tadhg Meachair and parents who supported the students.

 

Na hEolaithe Óga / Young Scientist of the Year 2007

Comhghairdeachas lenár ‘Eolaithe Óga’. Seo ár gceathrú bhliain sa chomórtas, agus an líon daltaí agus líon tionscnaimh ag méadú ó bhliain go bliain faoi stiúir Oide Jacinta agus Oide Eibhlín. Bhí an Idirbhliain rannpháirteach sa chomórtas i mbliana Seo a leanas na tionscnaimh;

Congratulations to our Young Scientists. This is our fourth year participating in the ‘Young Scientist’ competition, the number of students and projects entering the competition are constantly increasing under the guidance of Oide Jacinta and Oide Eibhlín. This year’s entries were from Transition Year. The students and their projects are as follows;

nuacht

 

Ag Tástáil an Próitéin in Uibheacha Orgánacha, Monarchan agus Saor Réimsiúil, Cormac MacUalraing, Stiofáin Ó Fionnghusa Josh Ó Scannáill. Fuair an grúpa seo ‘Ardmholadh’ ó na moltóirí!

The group achieved ‘Highly Recommended’ from their judges.

nuacht

 

Cad iad na tairgí coitianta a bhainimid úsáid astu, ina mbíonn ‘parabens’ iontu? Eithne Nic Domhnaill, Emily Ní hAnluain & Sinéad Ní Chatháin.


nuacht

 

Tá muid ag fiosrú an méid daoine a bhíonn ag baint úsáid as an nguthán póca agus iad ag tiomáint. Clare Ní Ghiobhúin, Suzanne Ní hEalaí, Niall Ó Riain.

nuacht

 

Fiosrúcháin ar an líon leictreachas a chuirtear amú le ríomhairí; Craig Ó Duibh, Cian Ó Ceallaigh & Seán Ó Fathaigh.

nuacht

Gléas a chuireann an liathróid gailf agus an tí sa talamh gan cromadh síos! Fiachra Ó Mearáin, Daire Mac Aoidh, Enda Ó Ceilleachair.
Le linn na tionscnaimh, d’forbair na daltaí a gcuid eolaíochta, scileanna fiosrúcháin agus scileanna ríomhaireachta. Bhí seachtain acu nach ndéanfaidh siad riamh dearmad air! Cairde nua ó scoileanna éagsula, ag foghlaim níos mó faoin Eolaíocht agus an tábhacht a bhaineann leis sa saol. Thar aon ní eile, bhí craic agus spraoi acu!


The students developed their knowledge of science, investigative skills and computing skills in completing their projects. All had a week to remember, meeting students from other schools, developing new friendships and learning more about science and it’s importance in our world. Most importantly was the craic they had!


 

Céiliúradh i nGaelcholáiste Reachrann.

Scoil nua neamhspleach le tógáil i gcóir 550 dalta le Halla Spóirt

D’fhoghlaimíomar an t-seachtain seo ó Phádraig Ó Conchubhair, Príomh Oifigeach Feidhmiúcháin, Coiste Gairmoideachais Cho. Átha Cliath go raibh cinneadh an R.O.E. i scríbhinn aige agus go raibh an plean deartha fé lán tseoil.

Celebrations in Gaelcholáiste Reachrann’..


A new stand alone school for 550 students to be built for our school community with a Sports Hall on the site.

Mr Pat O Connor the CEO of County Dublín VEC announced the news to the Board of Management of the school this week. He informed the BOM that the design team is already hard at work on the plans for the new school.

Ar ais go dtí an bharr | Back to the top

Cispheil

Bhí bliain iontach ag daltaí na scoile i mbliana i dtaobh cúrsaí cispheile. D’éirigh le buachaillí faoi 18 agus faoi 16 cluichí leathcheannais a shroiseadh! Beidh sé deacair slán a rá le buachaillí bliain 6 a chur go mór leis an gcispheil le blianta anuas.

Basketball

Basketball saw a very successful year with both under 18 and under 16 teams reaching semi finals! The 6th year boys will be missed next year after all they have contributed to basketball over the years.

Ar ais go dtí an bharr | Back to the top

Éolaí Óg

Comhghairdeas leo siúd ar fad a ghlac páirt san ‘Éolaí Óg’ i mbliana, is léir go bhfuil siad ag dul ó neart go neart! Ár mbuíochas go hOide Jacinta agus Eibhlín agus an obair ar fad atá déanta acu le daltaí.

Young Scientist

Congratulations to all who participated in the ‘Young Scientist Competition’, we look forward to next year’s entries.Our thanks to Oide Jacinta and Oide Eibhlín who work so hard with students every year to prepare for the competition.

Ar ais go dtí an bharr | Back to the top

Béal na nGael

Buaiteoirí ar ‘Students Enterprise Awards’ 2007

Craobh Chomhairle Chontae Fhine Gall.

Is mionchomhlacht é Béal na nGael atá bunaithe ag daltaí ón rang gnó sa chúigiú bhliain i nGaelcholáiste Reachrann. Bunaíodh é i Meán Fomhair 2006 le 13 ball ar an bhfoireann stiúrtha. Tá Ciarán Ó Rodaigh (múinteoir gnó) agus Fionnuala Ní Chaisil (Príomhoide) ina dtreoraithe cúnta air. Chonaic an comhlacht go raibh géar ghá le suaitheantas tarraingteach a dhearadh a sheasadh le haghaidh iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a labhairt. Tá sé dírithe i dtreo daoine óga. Is é an ráiteas atá ag an gcomhlacht Béal na nGael ná:

“Seasann an suaitheantas seo ar son fonn iarrachta a dhéanamh Gaeilge a labhairt le chéile agus an cúpla focal atá ag gach duine a úsáid.”

Ar ais go dtí an bharr | Back to the top

 

An Seoladh 18ú Feabhra 2007

“ Don Óige….ón óige” B’shin ceann de na ráitis a luadh ag láinseáil oifigiúil ‘Béal na Bhí Béal na nGael i láthair ag seoladh Seachtain na Ghaeilge. Bhualamar le Seánóg Ó hAilpín, Darragh Ó Chinnéide, Bláthnaid Ni Chofaigh, agus Mickey Harte. Ag ár sheoladh féin bhualamar le Stephen Rae, an tAire Nollag Ó Treasaigh, Oisín Geoaghan, Peadar Ó Ceatharnaigh agus Ferdia Mac an Fhailí.nGael’- eagraithe ag daltaí gnó Bliain 5 Ghaelcholáiste Reachrann, Domhnach Míde i  dteannta lena múinteoir Staidéir Gnó, Ciarán Ó Rodaigh i bhForas na Gaeilge ar an 30ú Eanair. B’iontach an rud é daltaí ó Ghaelcholáiste a fheiceáil ag an ócáid seo agus iad lán dáiríre agus thar a bheith bródúil as an éacht dochreidte atá bainte amach acu ar son na Gaeilge i measc óige na tíre seo.

Ar ais go dtí an bharr | Back to the top

Seoladh Sheachtain na Gaeilge

Bhí Béal na nGael i láthair ag seoladh Seachtain na Ghaeilge. Bhualamar le Seánóg Ó hAilpín, Darragh Ó Chinnéide, Bláthnaid Ni Chofaigh, agus Mickey Harte. Ag ár sheoladh féin bhualamar le Stephen Rae, an tAire Nollag Ó Treasaigh, Oisín Geoaghan, Peadar Ó Ceatharnaigh agus Ferdia Mac an Fhailí.

Ar ais go dtí an bharr | Back to the top

 

Scléip 2007

D’éirigh thar barr le Gaelcholáiste Reachrann sa Chraobh Ceannais i gcomórtas ‘Scléip’- comórtas talann nua eagraithe do Ghaelscoileanna agus Gaelcholáistí dara leibhéal ag Gaelscoileanna Teo. Bhain Tadhg Maher (dalta sa 6ú bhliain) an chéad duais i rannóg an cheoil aonair agus bhain an grúpa ceoil traidisiúnta an chéad duais i rannóg na ngrúpaí ceoil.

Gaelcholáiste Reachrann succeeded in two categories in the final of ‘Scléip’, a new competition organised by Gaelscoileanna Teo. for Gaelcholáistí and 2nd level Gaelscoileanna. Tadhg Maher (6th year student) came 1st in the solo music section and the traditional music group came 1st in the group section.

Ar ais go dtí an bharr | Back to the top

 

Comórtas Clár Radió Ghael Linn, 2007

D’éirigh thar na bearta le grúpa ón Idirbhliain nuair a d’éirigh leo an chéad duais a bhaint amach i gcomórtas clár radio Ghael Linn. Chaitheadar lá iontach i gCasla le Radió na Gaeltachta ar an lá agus bhíomar an-bhródúil asta nuair a fógraíodh an dea-scéal agus an clár é féin ar Radió na Gaeltachta an oíche chéanna!

An outstanding victory was achieved by the transition year students of Gaelcholáiste Reachrann when they came first in the radio programme competition for Radió na Gaeltachta organised by Gael Linn.

Ar ais go dtí an bharr | Back to the top

 

Cuairt an Aire, 25ú Eanair 2007

Bhí sé de phribhléid againn cuairt a fháil ó Mháire Uí hAiniféin, Aire Oideachais agus Eolaíochta, T.D lena tacaíocht a léiriú do Bhéal na nGael agus an méid a bhí déanta acu ar son na Gaeilge. Bhí seisiún ceisteanna agus freagraí aici le sínsir na scoile ar an lá céanna.

Minister for Education and Science, Mary Hannifin showed her support to Béal na nGael when she visited the school to wish them the very best. She also held a brief question and answer session with senior students after she was presented with a Béal na nGael badge.

Ar ais go dtí an bharr | Back to the top

 

Rock Linn, Vicar Street, 16ú Bealtaine 2006


Neil Martin, Liam ó Floinn, Seán Keane & Paul Brady

Chualathas togha an cheoil agus scoth na bhfonnadóirí ar an ardán i lár chathair Bhaile Átha Cliath ag seinm ar son Ghaelcholáiste Reachrann an mhí seo chaite. Bhí na ceoltóirí cáiliúla Seán Keane & Paul Brady, Liam Ó Floinn & Neil Martin, Paddy Glackin, Noel Hill & John Blake, Mick O’Brien agus Maighréad, Tríona agus Mícheál Ó Domhnaill le feiceáil faoi aon díon amháin agus iad ag tabhairt faoin stáitse i Sráid Vicar ar an séú lá déag de Bhealtaine. Bhí an t-aisteoir Stephen Rea agus John Kelly (‘The View’ agus ‘The Mystery Train’) agus Oide Sinéad i mbun na hoibre mar fhir agus bean an tí.

Bhí sár-oíche againn ar fad agus ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl do gach uile duine a thacaigh agus a chabhraigh linn an oíche iontach seo a chur ar siúl.

Vicar Street played host to a showcase of Irish musical talent last May with an amazing concert boasting a veritable live-up with prominent artists such as Paul Brady &Seán Keane, Liam Ó Floinn & Neil Martin, Paddy Glackin, Noel Hill& John Blake, Mick O’Brien, Mairéad, Tríona & Mícheál Ó Domhnaill. Hosts for the evening included John Kelly and Stephen Rea.

This incredible gig which raised funds for Gaelcholáiste Reachrann,  could not have taken place without the outstanding teamwork of school staff, parents, friends and of course some of the best Irish musicians in the country. The roof lifted as the huge crowd applauded the remarkable voice of Paul Brady, who sang with famous musicians including Seán Keane, Neil Martin (West Ocean String Quartet) and Liam Ó Floinn. You could hear a pin drop as Noel Hill’s haunting concertina playing cast a spell on the crowd.

This unforgettable experience could only be described as the concert of a life time and the school is very proud of lending the opportunity to some of our most talented students to share the stage on the same night.

Ar ais go dtí an bharr | Back to the top

 

 

 

Baile | Nuacht | Stair | Féilire | Daltaí | Tuistí | Imeachtaí | Polasaí | Gailerai | Nascanna | Teagmháil