Gheobhaidh tú thíos an fhaisnéis a seoladh chuig tuismitheoirí maidir leis na DOTS i mBéarla agus i Matamaitic do Bhliain 2.
Ríomhphost 1 / Email 1
Seolta / Sent: 19/03/2026
Ábhar / Subject: DOTS - Bliain 2 (Tástálacha Caighdeánaithe) / DOTS - 2nd Year (Standardised Tests)
A thuismitheoir / a chaomhnóir,
Ba mhaith linn a chur in iúl duit go mbeidh daltaí Bhliain 2 ag déanamh na tástálacha caighdeánaithe DOTS (Drumcondra Online Testing System) an tseachtain seo chugainn.
Déanfaidh na daltaí tástálacha i Léitheoireacht Bhéarla agus i Matamaitic (as Gaeilge).
Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo:
https://www.erc.ie/erc-drumcondra-tests/information-for-parents-and-students/information/
Mura mian leat go nglacfadh do pháiste páirt sna tástálacha caighdeánaithe, cuir in iúl dúinn roimh 12:45 Dé Luain 23/03/26.
Seolfar tuilleadh eolais faoi riar na dtástálacha sna laethanta amach romhainn.
Le meas,
Ciarán Ó Caomhánaigh
Dear Parent / Guardian,
We wish to inform you that all Second Year students will be undertaking the DOTS (Drumcondra Online Testing System) standardised tests next week.
Students will complete tests in English Reading and Mathematics (through Irish).
Further information is available here:
https://www.erc.ie/erc-drumcondra-tests/information-for-parents-and-students/information/
If you do not wish your child to participate in these standardised tests, please let us know before 12:45 on Monday, 23/03/2026.
Further details regarding the administration of the tests will follow in a subsequent email.
Kind regards,
Ciarán Ó Caomhánaigh
Ríomhphost 2 / Email 2
Seolta / Sent: 23/03/2026
Ábhar / Subject: DOTS - Eolas Tábhachtach agus Amchlár
A thuismitheoir / a chaomhnóir,
Go raibh maith agat dóibh siúd a rinne teagmháil linn i ndiaidh an chéad ríomhphoist maidir leis na tástálacha DOTS.
Beidh na tástálacha DOTS ar siúl ar an Déardaoin, 26 Márta. Tá an t-amchlár thíos.
Roimh an measúnú, caithfidh daltaí a chinntiú go bhfuil a n-iPad luchtaithe go hiomlán, mar déanfaidh siad na tástálacha ar a gcuid iPadanna féin. Molaimid dóibh luchtaitheoir a thabhairt leo, ar eagla go mbeadh gá leis idir na measúnuithe. Nuair a chríochnaíonn gach measúnú, fillfidh siad ar a ngnáthranganna de réir a n-amchláir.
Ní bheidh muid in ann dalta a chur faoi thástáil mura bhfuil a iPad luchtaithe.
Caithfidh siad freisin a chinntiú go bhfuil a n-iPad cothrom le dáta, agus ar lá na dtástálacha beidh orthu an ghné autolock a mhúchadh.
Déanfar triail shamplach ar na tástálacha maidin Dé Máirt, 24 Márta.
Amchlár na dTástálacha
|
Tréimhse
|
Am ar an amchlár
|
Am an mheasúnaithe
|
Ábhar
|
Rang
|
|
T1
|
08:25 – 09:23
|
08:30 – 10:00
|
Béarla
|
2Tuar, 2Eadan
|
|
T2
|
09:23 – 10:21
|
|
|
|
|
T3
|
10:48 – 11:46
|
10:50 – 12:20
|
Mata
|
2Tuar, 2Eadan, 2Lios, 2Cluain
|
|
T4
|
11:46 – 12:44
|
|
|
|
|
T5
|
13:24 – 14:22
|
13:30 – 15:00
|
Béarla
|
2Lios, 2Cluain
|
|
T6
|
14:22 – 15:20
|
|
|
|
Má tá aon cheist agat, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn.
Le meas,
Ciarán Ó Caomhánaigh
Dear Parent / Guardian,
Thank you to those who got in touch following our initial email regarding the DOTS assessments.
The DOTS assessments will take place on Thursday, 26 March. The timetable is included below.
Ahead of the assessments, all students must ensure that their iPads are fully charged, as they will complete the tests on their own devices. We recommend that students bring a charger, in case they need to recharge between assessments. When each assessment is finished, students will return to their normal classes as per their timetable.
Please note that students whose iPads are not charged cannot be facilitated to sit the assessment.
Students must also ensure that their iPad is fully up to date, and on the day of the assessment they will need to disable the auto-lock feature.
A sample test will be carried out on the morning of Tuesday, 24 March.
Assessment Timetable
|
Period
|
Timetable Time
|
Assessment Time
|
Subject
|
Class
|
|
T1
|
08:25 – 09:23
|
08:30 – 10:00
|
English
|
2Tuar, 2Eadan
|
|
T2
|
09:23 – 10:21
|
|
|
|
|
T3
|
10:48 – 11:46
|
10:50 – 12:20
|
Maths
|
2Tuar, 2Eadan, 2Lios, 2Cluain
|
|
T4
|
11:46 – 12:44
|
|
|
|
|
T5
|
13:24 – 14:22
|
13:30 – 15:00
|
English
|
2Lios, 2Cluain
|
|
T6
|
14:22 – 15:20
|
|
|
|
If you have any questions, please do not hesitate to contact us.
Kind regards,
Ciarán Ó Caomhánaigh