📱 Tyro: Córas Bainistíochta Scoile Ghaelcholáiste Reachrann
A thuismitheoirí agus a chaomhnóirí,
Ba mhaith linn a mheabhrú daoibh go bhfuil an t-aistriú ó VSware go Tyro, ár gcóras nua bainistíochta scoile, curtha i gcrích anois i nGaelcholáiste Reachrann.
Níl VSware in úsáid ag an scoil a thuilleadh. Iarraimid oraibh, dá bhrí sin, aip VSware a scriosadh de bhur ngléasanna má tá sí suiteáilte orthu fós.
Cuireann Tyro bealach simplí agus áisiúil ar fáil do thuismitheoirí, do chaomhnóirí agus do dhaltaí chun teacht ar eolas tábhachtach scoile, lena n-áirítear taifid tinrimh, tuairiscí scoile, cumarsáid ón scoil agus fógraí tábhachtacha eile.
📧 Do Chuntas Tyro a Ghníomhachtú
Seoladh cuirí ríomhphoist chuig tuismitheoirí agus caomhnóirí a raibh páistí cláraithe acu sa scoil cheana féin ag deireadh na scoilbhliana seo caite. Seoladh cuirí chuig tuismitheoirí agus caomhnóirí nua roimh thús na scoilbhliana reatha.
Ba cheart go mbeadh ríomhphost faighte agaibh faoin tráth seo ina bhfuil cuireadh chun bhur gcuntas Tyro a ghníomhachtú. Seoladh an cuireadh chuig an bpríomhsheoladh ríomhphoist atá cláraithe leis an scoil.
Mura bhfuil an ríomhphost le feiceáil i bhur mbosca isteach, seiceálaigí na fillteáin turscair (Junk/Spam). Mura bhfuil an cuireadh faighte agaibh, téigí i dteagmháil le hoifig na scoile.
Beidh an seoladh ríomhphoist sin in úsáid mar ainm úsáideora don chuntas Tyro freisin.
📱 Conas Teacht ar Tyro
Is féidir teacht ar Tyro ar dhá bhealach:
Tá treoracha céim ar chéim ar fáil sa cháipéis PDF atá ceangailte ANSEO chun cabhrú libh bhur gcuntas a ghníomhachtú agus logáil isteach.
Má bhíonn aon deacracht agaibh agus bhur gcuntas á chur ar bun nó agus sibh ag iarraidh logáil isteach, téigí i dteagmháil le hoifig na scoile chun cabhair a fháil.
📊 Tuairiscí Scoile
Beidh tuairiscí scoile na ndaltaí ar fáil trí Tyro. Beidh tuismitheoirí agus caomhnóirí in ann logáil isteach ina gcuntais chun tuairiscí a bpáistí a fheiceáil nuair a fhoilseofar iad.
📧 Cumarsáid idir an Scoil agus Tuismitheoirí/Caomhnóirí
Ón bpointe seo ar aghaidh, ní mór gach cumarsáid dhigiteach idir tuismitheoirí/caomhnóirí agus an scoil a dhéanamh trí chóras teachtaireachtaí Tyro Mail amháin. Is é Tyro Mail an t-aon bhealach oifigiúil chun teachtaireachtaí digiteacha a sheoladh chuig múinteoirí agus baill foirne na scoile. Ní bheidh múinteoirí ná baill foirne ag freagairt ríomhphoist a sheoltar chuig a seoltaí ríomhphoist scoile a thuilleadh. Iarraimid oraibh, dá bhrí sin, Tyro Mail a úsáid le haghaidh gach cumarsáide leis an scoil. Gabhaimid buíochas libh as bhur gcomhoibriú agus an córas nua cumarsáide seo á chur i bhfeidhm againn.
💙 Buíochas
Gabhaimid buíochas ó chroí libh as bhur gcomhoibriú agus bhur dtacaíocht le linn an aistrithe chuig an gcóras nua.
Tá súil againn go gcuideoidh Tyro linn an chumarsáid idir an scoil agus an baile a fheabhsú agus go mbeidh sé níos éasca daoibh teacht ar an eolas tábhachtach a bhaineann le hoideachas, dul chun cinn agus saol scoile bhur bpáistí.
Tyro: Gaelcholáiste Reachrann's New School Management System
Dear Parents and Guardians,
We would like to remind you that Gaelcholáiste Reachrann has now completed its transition from VSware to Tyro, our new school management system.
VSware is no longer in use by the school. We therefore ask that you delete the VSware app from your devices if you still have it installed.
Tyro provides parents, guardians and students with a simple and convenient way to access important school information, including attendance records, school reports, school communications and other important updates.
📧 Activating Your Tyro Account
Email invitations were sent to parents and guardians of existing students at the end of the previous school year. Invitations were sent to new parents and guardians before the beginning of the current school year.
You should therefore have received an email invitation to activate your Tyro account. This invitation was sent to the primary email address registered with the school.
If you cannot find the email in your inbox, please check your Junk or Spam folders. If you have not received an invitation, please contact the school office.
This email address will also serve as your Tyro username.
📱 How to Access Tyro
You can access Tyro in two ways:
Step-by-step instructions are available in the PDF document attached HERE to help you activate your account and log in.
If you experience any difficulties setting up your account or logging in, please contact the school office for assistance.
📊 Accessing School Reports
Student reports will be available through Tyro. Parents and guardians will be able to log in to their accounts to view their children's reports once they have been published.
📧 Communication Between School and Parents/Guardians
From now on, all digital communication between parents/guardians and the school must take place exclusively through Tyro Mail. Tyro Mail is the only official channel for sending digital messages to teachers and school staff. Teachers and other staff members will no longer respond to emails sent to their school email addresses. We therefore ask all parents and guardians to use Tyro Mail for all communication with the school. Thank you for your cooperation as we implement this new communication system.
💙 Thank You
We sincerely thank you for your cooperation and support throughout the transition to our new system.
We hope that Tyro will help us improve communication between home and school and make it easier for you to access important information about your child's education, progress and school life.